Guest Article: Aidan Courtney
We’re very happy to introduce Aidan Courtney from Coimicí Gael who publish the Irish children’s magazine Rírá. The article below is in Gaeilge for all our non-Irish visitors but Google Translate will get you by! Aidan speaks about how he became involved in this project.
Aidan Courtney is ainm dom. Táim i mo chónaí i gContae an Chláir. Bím ag obair i siopa leabhar anseo ach táim ag foilsiú Rírá (faoi Coimicí Gael), an choimic nó leabhar grinn do dhaoine óga idir 8 – 14 d’aois. Seo mo scéal go dtí seo:
Nuair a bhí mé óg bhí a lán coimicí / leabhar grinn sna siopaí. Bhí an Beano, an Dandy, Buster, Twinkle, Bunty, Roy of the Rovers , coimicí Disney i mBéarla (agus ceann amháin i nGaeilge, Clann Disney), Batman, Spider-man, Dan Dare, 2000ad agus coimicí eile ar fáil gach seachtain. Thosaigh mé á léamh. Bhí an-suim agam iontu.
Bhí siad éasca le léamh. Bhí na daoine agus na scéalta iontu iontach. Nílim cinnte cén uair a tharla é, ach lá amháin thosaigh mé ag déanamh líníochtaí cosúil leis na pictiúirí sna coimicí a bhí agam. Ansin thosaigh mé á dhéanamh i mo chóipleabhar. Bhí mé timpeall ocht mbliana d’aois.
Chuaigh mé go dtí an mheánscoil agus bhí rang ealaíne agam ann. Bhí mé ag cleachtadh líníochta gach lá. Bhí mé ag léamh níos mó coimicí ó na Stáit Aontaithe cosúil le X-Men, Batman, Marvel Comics Presents, Daredevil Man Without Fear agus leabhair mar sin. Ní raibh sé éasca na coimicí a fháil in Inis ag an am sin. Bhí múinteoir ealaíne iontach againn sa mheánscoil, an tUsal Ó hÍomhair. Tar éis sin, chuaigh mé go dtí an scoil ealaíne i Luimneach (LSAD) agus nuair a bhí mé ann fuair mé mo chéad phost gairmiúil i mbun coimicí don Evening Echo ar feadh sé mhí i 1999. Ag an am bhí mé ag caint le cúpla duine eile faoi TG4 agus Spongebob Squarepants agus coimicí as Gaeilge. Bhí smaoineamh maith ag TG4. Fuair siad rud greannmhar agus rinne siad Spongebob agus sraitheanna eile i nGaeilge. Bhíomar ag caint uaireanta faoi choimicí agus conas iad a dhéanamh. Bhí an smaoineamh agam go mbeadh sé go maith coimicí as Gaeilge a bheith againn freisin, ach níor tharla sé díreach ansin.
Tar éis dom an ollscoil a fhágáil fuair mé postanna eile i mbun coimicí, sa bhaile agus thar lear, ach bhí mé ag scríobh freisin (bhí mé ar liosta fada PJ O’Connor Awards timpeall 2001 agus i 2007 ar BBC Radio 4 le gearrscéal a bhí scríofa agam). Bhí post agam timpeall 2006 leis an nuachtán, Lá. Bhí mé i mbun cartúin cosúíl le Gary Larson ach i nGaeilge. Agus Sin Sin an teideal ar an gcartún. Bhí siad ar an gcéad leathanach gach Céadaoin. Ag an bpointe sin bhí mé ag obair gach seachtain le trí nuachtán agus dhá irisleabhar gach mí. Bhí mé i mbun na gcoimicí páirtaimseartha agus ag obair i siopa leabhar lánaimseartha.
Ansin, stop mé agus chuaigh mé thar lear chun taisteal a dhéanamh i gCeanada. Bhí mé in Toronto agus bhí mé ag obair le leaid as Quebec i siopa leabhar. Bhí Gaeilge aige agus bhí mé ag caint níos mó Gaeilge ansin ná aon am eile riamh. Gach lá. Bhí mé ag léamh gach rud (bím ag léamh gach rud ar aon nós) ach thosaigh mé ag léamh coimicí Fraincise mar bhí siopa leabhar Fraincise suas an bóthar uaim. Níl mo chuid Fraincise ar fheabhas ach bhí mé abalta na leabhair a thuiscint.
Bhuail mé le leaid eile ón Ísiltír agus bhí a fhios aige go raibh suim agam i gcoimicí. Thosaigh sé ag caint faoin ealaíontóir mór Dúitseach, Marten Toonder. Bhí sé cosúil le Walt Disney san Ísiltír. Thug sé coimicí Dúitise dom agus bhí siad iontach. Bhí orm cúpla focal a fhoghlaim ach b’éasca iad a thuiscint dáiríre. Ait go leor, bhí Marten Toonder ina chónaí sna Clocha Liatha nuair a bhí sé ag obair i rith na 60í,70í, 80í agus na 90í. Ansin bhí an smaoineamh ag éirí níos láidre. Má bhí mé ábalta coimicí greannmhar a léamh agus pléascadh amach ag gáire i dteangacha eile: cén fáth nach bhfuil aon rud cosúil leis sin in Éirinn?
Tá an tallann anseo. Cén fáth nach bhfuil éinne ag úsáid na ndaoine anseo? Bhí siad (na tallanna) ag féachaint thar lear. Thosaigh mé ag léamh trí na coimicí. Cén fáth nach bhfuil páistí ag léamh coimicí anois? Is meán iontach iad chun páistí a chur ag léamh. Nuair a bhíonn duine ag léamh coimicí tá siad ag léamh comhrá go minic. Cuidíonn na pictúirí chun an scéal a thuiscint. Tá siad cosúil leis na fotheidil scannáin sa tslí sin. Tar éis tamaill bíonn sé níos éasca rud a léamh má tá spraoi ag baint leo. Agus cén fáth nach bhfuil níos mó rudaí ann i nGaeilge cosúil leis an Beano nó an Dandy?
Tháinig mé abhaile. Thosaigh mé ag caint le daoine i bhForas na Gaeilge faoin smaoineamh a bhí agam (coimicí do pháistí a fhoilsiú i nGaeilge). Bhí suim acu sa mhéid a bhí á rá agam agus rinneamar iris bheag shamplach, Rírá #0. Bhí siad sásta leis na torthaí agus ansin rinneamar an iris cheart, Rírá #1.
Ó shin, tá Rírá #1, #2 agus #3 déanta againn. Bhí Rírá #1 ar ghearrliosta Eagle Awards i 2010 (cosúil leis an BAFTA nó Oscar ach i ndomhan na gcoimicí). Bhí an iris mar dhá chineál ‘Favourite European Comic Book’ agus ‘Favourite New Comic Book.’ Bhíomar in aice le Batman agus Doctor Who. Ní raibh aon seans againn é a bhuachan ach táimid an-bhródúil as mar sin féin! Tá Rírá # 3, eagrán digiteach, ar an iPad, iPhone, iPod, Kindle Fire, Graphicly, Facebook (ar fud an domhain) agus an Nook (i Meiriceá) anois.
Tá foireann iontach againn. Tá Gabriel Rosenstock ag tabhairt aire mhaith dúinn chun an Ghaeilge a bheith soléite agus cruinn mar níl mo chuid Gaeilge foirfe. Tá Muireann Ní Leathlobhair ag plé le dearadh grafach. Faoin am seo bíonn a lán ealaíontóirí ag obair linn. Tá tallann nua i ngach aoisghrúpa á lorg agam. I Rírá #3 bhí beirt dhéagóirí ann. Tá siad fós sa mheánscoil ach tá siad iontach. Agus tá Foras na Gaeilge iontach freisin.
Sa bhliain seo chugainn, tá súil againn go mbeadh úrscéalta grafacha do pháistí níos óige ná léitheoirí Rírá ann. Ba mhaith linn rud cosúil le Rírá do dhaoine fásta nó do dhéagóirí a fhoilsiú freisin. Beidh coimicí againn ar an idirlíon agus iad á dtabhairt suas chun dáta gach seachtain agus tograí eile nach iad.
Tá na déagóirí inniu ag lorg coimicí ar an idirlíon agus Manga. Cén fáth nach bhfuil siad ag plé le coimicí i nGaeilge? Bhí ceardlanna coimicí agam le déagóirí, tá an-tallann acu. Bhí ceardlanna agam le páistí níos óige freisin. Bhí siad ar fheabhas. Is fíor a rá go bhfuil gach duine ábalta líníocht a dhéanamh agus scéal a chumadh. Léigh gach rud ach ná déan dearmad ar na coimicí!
Más spéis leat an scéal seo, tá siopa againn http://www.coimicigael.ie/paypal/comics.php
Lascaine ann do scoileanna agus leabharlanna freisin, mar sin cuir glaoch orainn anseo: eolas@coimicigael.ie
Táimid ar Twitter: @CoimicGael
Agus táimid ar Facebook freisin.
Liosta anseo de na siopaí ina bhfuil Rírá ann : http://aidancourtney.blogspot.ie/2012/07/rira-anseo-2012-rira-is-here-2012.html
Agus liosta de na háiteanna ina bhfuil Rírá #3 eagrán digit each:
http://aidancourtney.blogspot.ie/2012/07/rira-3-eagran-digiteach-rira-3-digital.html
Aidan Courtney, eagarthóir, scríbhneoir agus ealaíontóir le 13 bliain le nuachtáin, irisleabhair agus áiteanna eile i Meiricea, sa Ríocht Aontaithe, sa Fhrainc agus anseo, abhaile in Éirinn. Foilsitheoir de Rírá an choimic as Gaeilge do pháistí faoi Coimicí Gael le 4 bhliain anois.
-
http://www.neteffects.com.au/ IT Support
-
Gaeilge Locha Riach
-
simonmlewis
-
Very nice and inspiring story. I will definitely share this post to my associate.
Maith sibh!
-
grma









